Tipperary Libraries - High visibility version

About Us

Fúinn Féin

ReadABLE Technologies

Bogearraí Léitheoireacht Cúnta- Le fáil anois i Leabharlanna Thiobraid Árann

27/05/2008

READABLE making access to reading happen for everyone

The full range of technologies and resources are available in : Clonmel, Cashel, Templemore, Nenagh, Roscrea, Thurles and Carrick on Suir libraries.

Cahir library has Speech enabled ZoomText Magnifier software, Talking Books, Large Print and Quick Reads.

Borrisokane Library has Speech enabled ZoomText Magnifier software, Read Write Gold, Talking Books, Large Print and Quick Reads.

Tipperary Town Library has Read Write Gold, Talking Books, Large Print and Quick Reads.

Schools Depart has a range of books for members with extra reading and learning needs.

 

last updated on: Friday, 03-Feb-12 19:20:11 GMT

19/08/2007

Tá raon leathan bhogearraí don léitheoireacht cúnta curtha ar fáil sna leabharlanna i gCluain Meala, i gCaiseal, sa Teampall Mór, san Aonach, i Ros Cré, i nDurlas agus i gCarraig na Siúire.

Tá sé deacar dom an téacs a léamh ar scáileán ríomhaire agus dodhéanta dom an cursóir a aimsiú?

Is féidir le ZoomText Magnifier, Leagan 8.1 cabhrú leo siúd fhaigheann an téacs ar riomhaire róbheag nó nach bhfuil ábalta an cursóir a aimsiú, tríd an scaileán, nó cuid de, a dhéanamh níos mó agus an cursóir a aibhsiú.

Táim dall ach is breá liom leabhair, an bhfuil bogearraí ann chun cabhrú le mo dhúil sa léitheoireacht?

Dóibh siúd le lagamharc nó atá dall, is feidir le Kurzweil 1000 cabhrú aon fhoilsiúchán priontáilte nó leictreonach a dhéanamh inchloiste. Tá sé in ann gnáthtéacs a dhéanamh níos mó agus a léamh amach don úsáideoir. Má’s mian leis an úsáideoir, tá uirlisí san earra seo le haghaidh cuardú, innéacsú, imlíniú, anótáil, cabhradh, agus cáipéisí nó closchódanna (mar shampla MP3) a dhéanamh do ríomhphost, faics nó priontáil. Le Kurzweil 1000 tá rochtaineacht do leabhair, irisí, ciclipéidí agus uirlisí oideachais a chothaíonn léamh níos gníomhaí ina úsádeoirí. Molann Leabharlanna Thiobraid Árann go mbíonn taithí agat ar an uirils seo, nó go dtagann tú le duine le taithí acu go dtí g n-éiríonn tú compordach leis mar ní bheidh duine den fhoireann i gcónaí ábalta cabhrú leat.

Táim dall ach is gá dom Word agus an idirlíon a úsáid don choláiste, cad atá le fáil sa leabharlann?

Dóibh siúd atá dall agus le taithí maith ar riomhairí agus méarchláir, is léitheoir scáileáin é Freedom Scientific JAWS (Rochtaineacht Jab le Guth) do Windows 5.0 a thugadh cabhair iontach do dhuine dall a úsáideann iomaí feidhm Windows. Sa leagan is déanaí tá Internet Explorer 5.0 agus 6.0 ar an CD-Rom. Toisc go mbíonn an earra seo deacair dul i dtaithí air, molann Leabharlanna Thiobraid Árann go mbíonn taithí agat ar an uirils seo, nó go dtagann tú le duine le taithí acu go dtí g n-éiríonn tú compordach leis.

Tá mo dhéagóir de mhac disléicseach agus ta sé deacair air gnáthtéacs a léamh, an bhfuil aon rud ann le le cabhrú leis taitneamh a bhaint as léamh agus foghlaim?

Aithnítear Kurzweil 3000 mar an réiteach is cuimsithí le haghaidh fadhbanna teanga agus litearthachta.  Is féidir leis an earra téacs a aibhsiú, a leanúint, a dhéanamh níos mó, a dhéanamh inchloiste agus tá ciclipéid inmheánach aige le foghlaim gníomhach a chothú.

Epson Perfection 1670: Scanóir

Léigh níos mó faoi na teicneolaíochtaí seo ag láithreán Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil d’eolas faoi na teicneolaíochtaí thuas agus faoi na clos leabhair atá le fáil ar  iasacht.

Is féidir Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill - Leabharlann a chuardú le haghaidh closleabhair, Braille agus cumarsáidí cabhratha. Is seirbhís post é seo agus is féidir le daoine ar fud na hÉireann úsáid a bhaint as.

nuashonraithe ar: Friday, 03-Feb-12 19:20:11 GMT