Welcome
Tipperary Libraries operate a network of thirteen public library branches throughout the county, offering a friendly community service which educates, entertains and helps to improve the lives of all members of the local community.
Cuireann Leabharlanna Thiobraid Árann gréasán de thrí bhrainse déag ar faíl ar fud an chontae. Sna brainsí seo tá seirbhís cáirdiúil, cabhrach ar fáil le bunús sa phobal agus a thugann oideachas, siamsa agus cabhair don phobal ar fad. Ár misean: "Comhdheiseanna rochtana a chur ar fáil taobh istigh de Sheirbhís ardchaighdeáin Leabharlainne agus Eolais atá sofhreagrach do riachtanais athraitheacha ár bpobal agus atá tacaíoch don chóras oideachas fad saoil". Cuireann Leabharlanna Thiobraid Árann raon leathan sheirbhísí ar fáil. Ina measc sin tá: iasachtaí do dhaoine fásta, leabharlainne do pháistí agus do dhéagóirí, bailiúcháin staidéar áitiúil agus taighde, nuachtáin agus irisleabhair, cló mór, leabhair chainte agus ábhair litearthachta d'aosaigh. Chomh maith leo siúd thuas, cuirtear ar fáil áiseanna staidéir, áiteanna taisealfa, áiseanna fótachóipeála, iasachtaí idirleabharlainne, áiseanna scanta optúil agus clubanna agus imeachtaí. Tá Teicneolaíocht Léithoireacht Cúnta ar fáil i seacht gcinn de na leabharlainne poiblí i gContae Thiobraid Árann.
Tá rochtain idirlín poiblí (banda leathan) le fáil i ngach cheann dár leabharlainne agus tá ár gcatalóg le fáil ar líne ionas gur féidir le baill leabhair a chuardach ar bhonn náisiúnta. Is féidir le baill de na brainsí uathoibrithe leabhair a chuir in áirithe agus a gcuntais leabharlainne a sheiceáil ar líne.
Maille leis an ngréasán bhrainsí, reáchtálann Leabharlainne Thiobraid Árann córas leabharlainne do scoileanna a chlúdaíonn anois os cionn 150 scoil.
Brabhsáil tríd ár láithreán gréasáin chun níos mó eolais a fháil agus féach atá le fáil agatsa ó Leabharlainne Thiobrad Árann!


