Recommended by Childrens Books Ireland ( 9-12yrs)
AN CAITÍN A D’ITH AN PÍOTSA : PÁDRAIC BREATHNACH MAISITHE AG OLIVIA GOLDEN
Taitneoidh an scéal seo thar cionn le páistí. Is aoibhinn leo píotsa agus athnú caitíní. Tógtar an léitheoir ar an turas leis an bpíotsa chuig Baba Mhór. Tá athrá sa scéal rud a thabharfaidh deis don léitheoir a bheith páirteach ann. Beidh an scéal seo oiriúnach ar scoil chun dul le réimse téamaí. Is aoibhinn liom an scéilín seo mar gheall ar an íomhá shoiléir a chruthaítear in aigne an léitheora leis na focail atá scríofa agus leis na cinn nach bhfuil.





