Tipperary Libraries - High visibility version

Local Studies

Stáidéar Áitiúil

Lecture Series

Staidéar Thiobraid Árann


Tipperary Libraries will host the third Tipperary People and Places Lecture Series over the winter months in Tipperary Studies, The Source, Cathedral Street, Thurles.  Download Poster


These lectures will take place on the third Tuesday of each month over the
winter months, commencing at 7.30p.m.


October 2009 to March 2010
As usual an exciting panel of speakers is planned.

OCTOBER 20TH
Dr Georgina Laragy The Poor Law in Thurles Union, 1850-1921
Georgina’s talk will examine the paupers, who entered the workhouse, discover the reasons for their admission and the context in which poor relief was administered in Thurles between the Famine and the Civil War.

NOVEMBER 17TH
Dr. Paul Rouse The first All Ireland Final 1888... Tipperary versus Galway.
A native of Offaly, Dr Rouse is currently completing a book on the first hurling All-Ireland, played at Birr on Easter Sunday 1888 when Tipperary defeated Galway.

DECEMBER 15TH
Conor Reidy Richard Bagwell and the Borstal Association of Ireland, 1906-18
This lecture will examine the role of the Borstal Association of Ireland (BAI), both at local and national level. It will discuss Bagwell’s legacy as one of the most noteworthy members of the community of Clonmel and the part he played in attracting the borstal to the town but also in raising the profile of the work of the BAI nationally.

JANUARY 19TH
Dr. William J. Smyth The challenge of early mapping in Ireland
He has published widely on Ireland’s social and cultural geography.

FEBRUARY 16TH
Richard O’Brien New archaeological discoveries from the National Road Authority’s work in Co. Tipperary.
This lecture will outline the NRA’s work in the County, while focusing on a number of key discoveries from the Mesolithic through to the Late Medieval period.

MARCH 16TH
Des Marnane Treacys of Soloheadbeg: Family, Land and Murder, a very Irish Tragedy
In the 19th century, a great deal of crime was associated with land and families were often split because of inheritance, this is one such families story.. .

ADMIISSIION FREE -- TEA WIILL BE SERVED -- ALL WELCOME
For further details contact: Mary Guinan Darmody, John O’Gorman @ (0504) 29278
or E-mail: studies@tipperarylibraries.ie
Tipperary People & Places

last updated on: Wednesday, 09-Dec-2009 07:37:35 GMT

Réamhrá

Tá bailiúchán Chartlann Staideár Áitiúil Leabharlanna Thiobraid Árainn lonnaithe san Fhoinse, Sráid na hArdeaglaise, Durlas. Is leabharlann tagartha agus ionad taighde é Staidéar Thiobraid Árann tiomnaithe ar gach uile ghné de Chontae Thiobraid Árann. Tá sé mar aighm ag Staidéar Thiobraid Árann bailiúchán chomh cuimsitheach agus gur féidir d’ábhair a bhaineann le stair Thiobraid Árann a bhailiú agus a chuir ar fáil, ina measc leabhair fhoilsithe, irisí, nuachtáin, grianghraif, ábhair chlosamhairc, micreafoirmeacha, lámhscríbhinní agus scríbhinní gearrsaolacha.

Clúdach ar Guide to Tipperary le Bassett, 1889

Clúdach ar Guide to Tipperary le George Henry Bassett, 1889

Cuimsíonn an sainmhíniú atá ar Staidéar Áitiúil gach gné den saol i gContae Thiobrad Árainn, stairiúil agus faoi láthair. Taispeánann an bailúcháin, leabhar, irisí, nuachtán agus acmhainní eile an sainmhíniú leathan sin. Tá suim ag formhór na gcuairteoirí ann sa chuid den bhailiúchán a bhaineann le stair áitiúil. Ní féidir ábhair Cartlainne nó Staidéar Áitiúil a thógaint ar iasacht; caithfear breathnú orthu sa Seomra Léitheoireachta.
Lonnaithe chomh maith i Leabharlanna Thiobraid Árann tá Cumman Staire Thiobraid Árann.

Leabhair

Bailíonn Staidéar Thiobraid Árann gach earra foilsithe bainteach le Tiobraid Árann, gach leabhar scríofa ag údar ó Thiobraid Árann agus foilsiúcháin ghinearálta le hábhair iontú faoi Thiobraid Árann. Tá líon mór theidil sa bhailiúchán ag déileáil le seandálaíocht, géilleagar, stair agus topagrafaíocht an chontae. Sa bhailiúchán tá eolairí, alamanaig, eolairí topagrafaíocha agus tráchtála, úrscéalta, véarsaíocht, tráchtais neamhfhoilsithe agus tionscnaimh. Sa bhailiúchán ginearálta Éireannach tá mórán teidil faoi stair an dúlra, staidéir shóilsialta agus gach uile ghné den saol in Éirinn.

Forchlúdach Knocknagow le Charles J Kickham

Knocknagow or the Homes of Tipperary le Charles J. Kickham

Irisí

Tá bailiúchán cuimsitheach d’irisí le fáil le haghaidh comhairliú i Staidéar Thiobraid Árann. Coimeadtar teidil a bhfuile tábhacht ar leith leo, mar shampla Iris Chumann Ríoga na n-Ársaitheoirí, Iris Ársaíochta Thuaisceart na Mumhan, Archivium Hibernicum, Imeachtaí an Acadaimh Ríoga maille le hearraí foilsithe i dTiobraid Árann ar nós Iris Staire Thiobraid Árann Tipperary, Blianiris CLG Thiobraid Árann agus Iris Staire Chluain Meala. Tá Nuachtlitreacha Bliainiúla Paróiste agus roinnt bheag foilsiúcháin scoile le fáil chomh maith.

Clúdach Iris Molua 1940
Molua 1940

Nuachtáin

Tá bailiúchán mór de nuachtáin áitiúla ag Staidéar Thiobraid Árann, cuid acu mar chóipeanna crua ach an chuid is mó ar mhicreascannáin. An-seans gur iad na páipéir áitiúla an acmhainn is mó a úsáidtear i Staidéar Thiobraid Árann. Tógadh suas chun dáta agus foilsíodh The History of Tipperary Newspapers le Joe Hayes, a thosaigh amach mar thráchtas, san Iris Staire Thiobraid Árann 1989, le tuilleadh eolais i 1990. Gearrchuntas é an paimfléad seo ar na nuachtáin ar fad a foilsíodh i dTiobraid Árann ó 1770 ar aghaidh, lena mbunúis agus polasaithe agus suíomh gach uile chóip a mhaireann fós. (Féach Cumann Staire Thiobraid Árann)  Féach an liosta iomlán teidil nuachtán atá ar fáil le comhairliú. 

leathanach teidil an nuachtán Cashel Gazette
Leathanach teidil The Cashel Gazette
Ginealas
Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach stór é Staidéar Thiobraid Árann de thaifid eaglasta nó sibhialta don chontae. Roinntear na taifid sin idir an trí ionad ginealais sa chontae. Beidh baill den fhoireann sásta sonraí an ionaid oiriúnach a tabhairt do thaighdeoirí. 

Leathanach teidil as Joseph Benedict Chifley, Australian Prime Minister 1945-1949 The Tipperary Connection

Leathanach teidil as Joseph Benedict Chifley, Australian Prime Minister 1945-1949
The Tipperary Connection

I measc na bhfoinsí luachmhara ginealais atá ar fáil le comhairliú tá “the Primary Valuation of Tenements”, a thugtar “Griffiths Valuation” air go comónta, ca. 1850 leis na léarscáileanna tionlacain, na leabhair níos luaithe “Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna” ca. 1826-1833 agus Liostaí na Mainnitheoirí Deachúna, ca. 1831 agus láimhscríbhinní na ndaonáireamh 1901 agus 1911. Tá acmhainní ginearálta ar dlúthdhiosca, mar shampla “Grenham’s Irish surnames”, Mainnitheoirí na nDeachún 1831, Taifid Chuimhneachána na hÉireann; An Chéad Chogadh Domhanda 1914-1918, Eolaire Phort Láirge, Chill Chainnigh agus an Oirdheisceart 1839 agus eolairí eile. 

Leathanach ó Leabhar Rátaí Bhealach Achaille
Leabhar Rátaí: Toghroinn Bhealach Achaille

Cumann Turasóireachta na hÉireann

Luath sna 1940aí, chuir Cumann Turasóireachta na hÉireann (ITA) taighdeoirí ag teaglamú comhad le suim stairiúil ag baint leo ar leibhéil bhaile agus pharóiste, a bheadh suimiúil agus a chabhródh le cuairteoirí. Sna comhaid tá eolas le suim satiriúil áitiúil ag baint leis, nithe is díol spéise do thurasóirí sa limistéar, tionscadail áitiúla, amanna seirbhísí reiligiúnda agus sonraí eile. Tá bailiúchán beag de ghrianghraif, go hiondúil foirgnimh stairiúla, leis na láimhscríbhinní. 

Baile Uí Chofaigh, Áit breithe Sheáin Uí Threasaigh
Áit Breithe Sheáin Uí Threasaigh

Bailiúchán Béaloidis na Scoileanna Náisiúnta

Bhí an bailiúchán mór seo tiomsaithe sna blianta 1937-38 de bharr tionscnaíocht an Choimisiún Béaloideasa. Thaifead daltaí sinsearacha i mbunscoileanna scéalta agus seanchas ó sheanóirí ina bpobail. Bhí sé mar aidhm ag an scéim miotaiseolaíocht, scéalaíocht agus finscéalta na hÉireann a chaomhnú agus a bhailiú. Sa bhailiúchán tá scéalta tíre, finscéalta, amhráín, nósanna, cluichí, leigheas áitiúil, caithimh aimsire agus ceirde agus cleachtaí oibre traidisiúnta. Tá na bunchóipeanna i seilbh Roinn Béaloideas na hÉireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Tá cóipeanna ar mhicreascannáin de bhailiúchán Chontae Thiobraid Árann  ar fáil i Staidéar Thiobraid Árann. Caithfidh an té a theastaíonn uaidh aon chuid den bhailiúchán a fhoilsiú dul i dteagmháil le Roinn Béaloideas na hÉireann ag tabhairt sonraí cruinn de scoil, leathanach agus uimhir imleabhair. 

Nóta béaloidis maidir leis an traidisiún a bhaineann leis an Sceach Bealtaine
Nóta béaloidis ag baint leis an Sceach Bealtaine, 1944

Ard-Ghiúiréithe

Bhí ról tábhachtach le himirt ag Ard-Ghiúiréithe i rialtas áitiúil na hÉireann sa naoú chéad déag. Úinéirí talúna áitiúla a bhíodh sna baill de na hArd-Ghiúiréithe. Ceapadh an Ard-Sirriam ar an Ard-Ghiúiré iad agus bhí sé mar dhualgas acu bóithre, droichid, tithe cúirte agus gealtlanna áitiúla a chothabháil le maoiniú ó Cháin Chontae. Sna cartlanna tá bailiúchán cuimsitheach de na Leabhair Seachadadh do Thiobraid Árann Thuaidh don tréimhse 1842-1910. Cuireadh deireadh leis na hArd-Ghiúiréithe in 1898 agus thit formhór a ndualgaisí ar na Comhairlí Contae. 

Forchlúdach Chearta na dTionóntaí i dTiobraid Árann
Cearta na dTionóntaí i dTiobraid Árann

Bord Bardachta

Bunaíodh an Bord Bradachta faoi réir Acht Dlí na mBocht, 1838. Bhí siad freagrach as riaracháin fhóirithint na mbocht ar fud na tíre. Tá na leabhair mhiontuairiscí ó na haontais seo a leanas ar fáil: Buiríos Uí Chéin, Caiseal, Cluain Meala, an Cloichín, an tAonach, Ros Cré, Durlas agus Tiobraid Árann. Chuir an tAcht Rialtais Áitiúil, 1898, cursaí slántíochta faoi réir na gComhairlí Cheantair Tuaithe, rud a d’fhág na Boird Bardachta i bhfeighil ar fhóirithint na mbocht. Cuireadh deireadh leis an mBord Bardachta sna 1920daí agus na CCT gan mhoill i ndiaidh sin. 

Postaer a d’eisigh Aontas Dlí na mBocht Chaisil ag lorg féara
HAY WANTED le Bord Bardachta Chaisil

Tá na cartlanna éasca le scriosadh agus ní féidir a gcomhsabháileacha a sholáthair. Mar sin, níl cead earraí cartlainne a fhótachóipeáil. Beidh orainn roinnt ábhair a tharraingt siar de bharr a staid leochaileach agus ní bheidh siadsan ar fáil le comhairliú. 

Sonra ó Leabhar Miontuairiscí Aontas Dlí na mBocht Chaisil
Sonra ó Leabhar Miontuairiscí Aontas Dlí na mBocht Chaisil

Forchlúdach Leabhair Chíosa ó Eastát an Choirnéil Bagwell
Forchlúdach Leabhair Chíosa ó Eastát an Choirnéil Bagwell

Sonra ó léarscáil ag léiriú gnáthleagan amach Teach Oibre Aontas Dlí na mBocht
Sonra Léarscáile Teach Oibre Aontas Dlí na mBocht

Grainghraif

Faoi láthair na huaire tá Leabharlanna Thiobraid Árann ag leathnú amach a mbailiúchán ghrianghraf. Beidh fáilte roimh thabhartais d’ábhair áitiúla. Is iad seo a leanas na bailiúcháin is mó:
Rogha ón bhailiúchán Lawerence
Aerghrianghraif Cambridge
Cartlann Ailtireachta na hÉireann
Club Ceamara Dhurlais
Cártaí Poist Stairiúla.
Tá srianta cóipcheart, áfach, ar chóipeáil na mbailiúchán thuas

Caisleán Ormonde, Carraig na Siúire
Caisleán Ormonde, Carraig na Siúire [ó charta poist]

Caisleán Drom Inbhir agus Loch Dearg
Caisleán Drom Inbhir & Loch Dearg, an tAonach [ó charta poist]

Léarscáileanna

SO
Taifead na Séádchomharthaí
An Down Survey

Sonra léarscáile ón Suirbhéireacht Ordanáis de Shráid Pheadair, an tAonach
Sonra léarscáile ón Suirbhéireacht Ordanáis de Shráid Pheadair, an tAonach

Pleananna baile cealaithe agus luacháil Uí Ghríofa (CD Rom)

Sráid an Chaisleáin, Ros Cré
Sráid an Chaisleáin, Ros Cré [ó charta poist]

An gá coinne a shocrú?

Cé nach bhfuil sé riachtanach, moltar glaoch a chuir roimh ré. Caithfear roinnt ábhair a léamh le cabhair léitheoir micreascannáin agus caithfear an áis seo a chuir in áirithe. Caithfear cartlanna a bhaint amach ón stór agus cuirfear ar fáil sa Seomra Léitheoireachta iad.


Rochtaineacht

Is ar mhaithe le taighde amháin atá na hábhair i Staidéar Thiobraid Árann. Níl siad ar fáil ar iasacht. Toisc a gcineálacha uathúla, níl cead rochtaineacht a fháil ar na hearraí ó na bailiúcháin seo ach faoi fheitheoireacht na foirne leabharlainne. Áit atá iomaí cóip ar fáil, cuirfear roinnt teidil (go hiondúil iad siúd a bhí foilsithe le déanaí) ar fáil tríd na brainsí leabharlainne.

Uaireanta Oscailte

Gliogáil anseo le haghaidh UAIREANTA OSCAILTE

Sonraí Teagmhála

Guthán: (0504) 29278
Ríomhphost: studies@tipperarylibraries.ie

nuashonraithe ar: Wednesday, 09-Dec-2009 07:37:35 GMT